background image
7
agus an saol a bhí...
Tá rud éigin le chuile dhuine a shásamh i nGaeltacht Mhaigh Eo; an
teanga, an béaloideas, nó an timpeallacht sainiúil.
Léiríonn an flúirse uaigheanna réamhstaire, mainistreacha, caisleáin
agus iarsmaí eile an saibhreas oidhreachta atá in Iorras.`Siad
Achaidh Chéide, Feirm Réamhstaire Bhéal Deirg, agus Túr Ghlas is
cáiliúla acu. Má thugann tú cuairt ar Ionad Deirbhle in Eachléim nó
an Sean Scoil i gCeathrú Thaidhg beidh fáil agat ar bhéaloideas
Iorrais agus scéal Chlann Lir.
Áit stairiúil in Acaill is ea an "Mission" nó "The Colony" mar a tugtar
air i nDú Ghoirt. Misean a bhí ann chun daoine a athrú chun
Protastúnachais. Sa mBaile Tréigthe i nDú Goirt tá cheithre scór
teach gan díon, gan doras, gan fuinneog de thoradh an droch shaoil
agus bochtanas in Acaill san am atá caite.
Léiríonn féilte Gaeltachta Mhaigh Eo tréithe an cheantair; Féile
Iorrais, féile idirnáisiúnta ealaíona i mí Iúil (web: www.feileiorras.org)
agus Féile Ghaoth Sáile (Teil: 097 86868) curtha ar fáil ag imircí i mí
Lúnasa. Dóibh siúd a bhfuil suim acu i gceol uirlis Gaelach tá
Scoil Acla (Teil: 098 47306) nó Ceol na Locha i dTuar Mhic Éadaigh
(Teil: 092 44229).
Is fianaise ar an dtimpeallacht ársa i nGaeltacht Mhaigh Eo bunú na
Páirce Náisiúnta i mBaile Chruaich.