Tá an casán seo 48km ar fhad agus síneann sé ó Bhaile Uí Fhiacháin thríd Shliabhraon Neifín Beag go Beannchor Iorrais in Iorras in aice le Gaeltacht Mhaigh Eo. Is ar chasán thríd mórthír iargúlta is mó atá an cúrsa seo agus tá léarscáileanna mionchuntais le fáil ins na hoifigí turasóireachta. Bunaíodh an feachtas seo mar cheiliúradh ar Mhaigh Eo 5000. Bhí dealbhadóirí ó ocht dtír agus trí mhórthír páirteach san iarracht seo chun dealbhadóireacht a chur ar fáil in áiteacha éagsúla ar fud thuaiseart Chondae Mhaigh Eo. Cúig cinn déag de phíosaí dealbhadóireachta éagsúil atá ar fáil ó Bhéal an Átha, tríd Bhéal Deirg, Gleann na Muaidhe, Ceathrú Thaidhg, Béal an Mhuirthead go Ceann an Fhóid Duibh. Tá treoir leabhair ar fáil go háitiúil. Idirlíon: http://ballina.mayo-ireland.ie/TirSaile/TirSaile.htm Bhunaigh grúpaí turasóireachta siúlóidí agus cúrsaí rothaíochta gearra do thurasóirí a bhfuil a leithéid uathu. Tá eolas ar fáil ó: Iorras: Iorras Domhnann. Teil: 097 81500 Acaill: Turasóireacht Acla. Teil: 098 47353 Idirlíon: www.achilltourism.com Tuar Mhic Éadaigh: Idirlíon: www.tourmakeady.com/hillwalking.htm |