Amach ó chósta an iarthair tá Inis Gluaire, oileán álainn, agus Inis Gé, oileán a bhfuil saibhreas staire ag baint leo agus ina raibh mainistreacha go luath i Ré na Críostaíochta. Ón mbliain 1927 ní raibh cónaí ar dhuine ar bith in Inis Gé ach is ann a thigeann na géabha fiáine sa Gheimhreadh. Inis Gé agus ar an Oileán Theas tá fothrach stáisiúin seilge an mhíl mhóir. Sa séú haois bhunaigh Colmcille mainistir anseo. Naomh Breandán, an loingseoir a mhainistir, tá fothrach na mainistreach le feiceál go fóill. Cailleadh Naomh Breandán sa bhliain 577A.D. De réir na finscéalaíochta cuireadh Clann Lir Colm, Aodh, Fiachra agus Fionnuala anseo. Tá an-chuimse eolais ar bhéaloideas áitiúil, seandálaíocht, stair agus saol na ndaoine san am atá caite ar fáil anseo. Tá fuinneog sainniúil 10 dtroigh ar airde ag léiriú scéal Naomh Dheirbhle san Ionad seo. Macasamhail is ea an fhuinneog seo de fhuinneog in Eaglais réamh- Normánach ag an bhFál Mór. Teagmháil: Ionad Deirbhle, Eachléim. Teil: 097 85790 |