background image
1
Déanfaidh sí a cuid féin duit...
Sé do Bheatha...
An Ghaeltacht... Cad í féin?
Is í an Ghaeltacht an téarma a úsáidtear le tagairt do na
ceantair sin in Éirinn ina mbíonn an Ghaeilge fós á labhairt
mar theanga phobail, agus ina bhfuil cultúr agus a traidisiúin
fós beo beathach.
Tá na pobail a labhrann Gaeilge scaipthe ar fud seacht gcontae
agus ceithre chúige. Lonnaithe den chuid is mó ar chósta thiar na
tíre, clúdaíonn an Ghaeltacht codanna fairsinge de chontaetha
Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí maraon le
codanna de chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge. Tá go
leor láithreacha saoire suimiúla agus éagsúla sna ceantair sin.
I gcomhshaol gach ceantair tá saibhreas oidhreachta agus
béaloidis, cultúir agus traidisiúin, agus tuiscint láidir
d'fhéinaitheantas agus d'uathúlacht. Is san áit seo atá an `fíor Éire'!
Gaeltacht Mhaigh Eo...
Tá Gaeltacht Mhaigh Eo suite le bord farraige ar chósta an
Iarthair timpeall Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh in
Iar-Thuaisceart an chondae. Níos faide ó dheas tá Gaeltacht
Acla agus i ndeisceart an chondae ar imeall Loch Measca tá
Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh.