background image
19
Is é Oileán Acla an t-oileán is mó ar chósta na hÉireann, oileán a bhfuil
tránna órdha, áilleacht thar cuimse, an spéir líonta le scamaill den uile
chineál agus den uile dhath, iad uaireanta ar bharra na gcnoc, uaireanta
eile ins na gleannta. Is féidir dul ón mór thír go hAcaill thar dhroichead
inárdaithe ag Gob a' Choire agus is Gaeltacht leath den oileán. Tá cuid
de na h-ailltreacha is suntasaigh san Eoraip ar imeall an oileáin seo,
ailltreacha atá mar chosantóir idir na sléibhte agus na cnoic.
Tá go leor bailte beaga ar fud an oileáin agus tránna fíor álainn agus an
brat gorm mar ghradam acu. In iarthar an oileáin tá Sliabh Chruacháin
668méadar agus tá dhá shliabh eile ar an oileán - Sliabh Mór 671
méadar agus Mionnán 466 méadar. Mar chaitheamh aimsire tá slat
iascaireacht farraige, tumadóireacht, gailf, seandálaíocht agus imeachtaí
eile ar fáil ar an oileán ach tá ciúineas agus síochán thar barr ann.
Tagann go leor daoine leis an Baile Tréigthe ar leargain Shliabh Mór a
fheiceáil. Cuireann an cheithre scór teach tréigthe an droch shaol i
gcuimhne do dhaoine. Taobh ó dheas de Ghob a' Choire agus é
dírithe ar Acaill Beag tá Caisleán Chill Damhnait, a tógadh san cúigiú
aois déag agus sa tsean am ba leis an mbanríon Gráinne Ní Mháille é.
Ar an gcósta ó dheas den oileán tá na "Cathedral Rocks" a bhfuil
cuma orthu go mba ailtire a chum iad. Tá an aill is airde san Eoraip ar
thaobh Shliabh Chruacháin agus an aill sin 2000 troigh ar airde.
o i l e á n a c l a a g u s
l e i t h i n i s a n c h o r r á i n
bhfuil tránna órdha agus áilleacht thar cuimse...