Mheall cáilíochtaí sean-aoiseach scríbhneóirí cáiliúla go hAcaill. Duine acu ab ea an Gearmánach Heinrich Boll a ghnóthaigh an Duais Nobel. Is ar Oileán Acla a fuair Paul Henry, Derek Hill, Charles Lamb agus Robert Henri spreagadh dá gcuid pictiúir ón tírdhreach agus pictiúirí farraige. Cuirtear cúrsaí dathadóireachta ar fáil i nGailearaí Ealaíonn an Danlainn. sna blianta imithe tharainn. Le roinnt blianta bíonn rásaí do na báid seoil seo chuile shamhradh, rud a mhúscail suim i dtógáil na mbád adhmaid seo. Sa Samhradh bíonn na Yawl seo le feiceál ag seoladh na farraige amach ó Acaill. Má thiomáineann tú thart ar Leithinis an Chorráin tiocfaidh tú ag baile beag an Chorráin áit a dtig leat sean iarsmaí a fheiceáil i halla an bhaile. Tá go leor láthair stairiúla, agus carn sliogán a léiríonn go raibh cónaí ar dhaoine anseo idir 5000 agus 7000 bliain ó shoin. Bhí mianach copair anseo san 19ú aois. I ndeisceart an Chorráin tá Teach Chorráin a bhfuil gáirdíní suimiúla ann ón bhliain 1838. Tá teaichín traidisiúnta anseo a bhfuil taispeántas ann de shaol na ndaoine in Acaill san am fadó. Tugtar ranganna ar dhéanamh ciseáin anseo. Teagmháil: Folk Life Centre, Béal Fearsad. Teil: 098 45504 |