Tá ceithre loch i gContae Mhaigh Eo a bhfuil cáil i bhfad is i gcéin orthu mar gheall ar an feabhas atá iascaireacht an bhric rua Loch Conn, Loch Cuilinn, Loch Cearra agus Loch Measca. Chomh maith leis na locha sin tá roinnt mhaith locha beaga agus aibhneacha a bhfuil éagsúlacht iascaireachta iontu. Tá locha beaga thuas ins na sléibhte in áiteacha iargúlta agus locha eile a ndéantar bainistíocht orthu agus ina scaoiltear amach bric óga chuile bhliain. Tá ceadúnaisí ar fáil ó: Bangor Angling Club, Beannchor Iorrais. Teil: 097 83487 Achill Sporting Club, The Valley, Acaill. Teil: 098 47006 Western Regional Fisheries Board, Ardnaree House, Abbey Street, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Tel: 096 22788. Ó mhí Mhárta go deireadh mhí Mheán Fhómhair bíonn iascaireacht na mbreac rua ar siúl ar Loch Measca, an tiascaireacht is fearr le linn séasúr an Chuil Bhealtaine, sé sin ó lár mhí Bhealtaine go lár mhí Mheithimh agus arís ó lar mhí Lúnasa go deireadh mhí Mheán Fómhair. Eagraíonn Club Slat Iascairí Thuar Mhic Éadaigh comórtais do dhaoine áitiúla agus do thurasóirí chuile bhliain ach sé an Comórtas Corn Eorpach a eagraítear i mí Bealtaine chuile bhliain an comórtas is mó. |