background image
33
tuaisceart Mhaigh Eo an áit is fearr sa tír
i a s c a i r e a c h t g é i m a g u s f a r r a i g e
Tá cáil ar Éirinn mar ionad slat-iascaireachta iontach san Eoraip agus
gan amhras is é tuaisceart Mhaigh Eo an áit is fearr sa tír. Thart le
cósta Bharúntacht Iorrais agus Acaill tá na mílte de chósta den uile
chinéal agus isteach fan dtír tá éagsúlacht loch agus abhainn suite i
dtimpeallachtaí fíor-álainn. Tá go leor éagsúlacht iasc ar fáil anseo.
Slat Iascaireacht Farraige
Tá naoi gcinn déag is fiche de chineálacha éagsúla iasc le fáil sa
bhfarraige amach ó chósta Iorrais, an ceantar is fearr slat-
iascaireacht farraige ar chósta na hÉireann. Ceaptar gurb é Béal an
Mhuirthead ceann de na hionaid slat-iascaireachta is fearr in Éirinn.
Taobh ó dheas tá cuan foscúil an Fhóid Duibh agus taobh ó thuaidh
cuan foscuil eile - Cuan an Inbhir agus is féidir báid cáilithe agus
ceadaithe le haghaidh slat-iascaireacht a fhostú le scipéirí a bhfuil
sean taithí acu ar shlat iascaireacht farraige. Tugann an flúirse oileán
foscadh ón ngaoth agus taitneamh don slat-iascaire in Acaill.
Ó thuaidh ó oileán Acla trasna ón bhFód Dubh, tá an-iascaireacht
agus iascaireacht siorc chomh maith.
Tá báid cáilithe le haghaidh slat-iascaireacht lonnaithe sna
ceantracha Gaeltachta len a gcuid scipéirí. Is féidir iad a fhostú ar
feadh lae nó leath lae. Tá siopa fearas iascaireachta agus baoití i
mBéal an Mhuirthead.