ndearnadh forbairt orthu as an dtírdhreach álainn nádurtha. I nGaeltacht Mhaigh Eo tá radharcanna fíor álainn, timpeallacht neamh-thruaillithe agus sásamh dóibh siúd a ghlacann le dúshlán sa chluiche galf. Le bord an Aigéan Atlantaigh in Iorras tá dumhaigh arda gainmhe, agus anseo atá Galf Chúrsa an Chairn lonnaithe, machaire galf ocht bpoll déag de chaighdeán curaidh. Tá teeanna ardaithe, poill uisce, abharacha, mínligh le casadh iontu agus chuile rud leis an imreoir galf a spreagadh agus a chaighdeán imeartha a mheas. Par 72. Teagmháil: Galf Chúrsa an Chairn, Cairn, Béal an Mhuirthead. Teil: 097 82292 Facs 097 81477 Ríomhphost: [email protected] Idirlíon: www.carnegolflinks.com Naoi bpoll atá sa machaire gailf seo agus é suite i dtimpeallacht álainn de chuid Acla. Par 35. Teagmháil: Club Gailf Acla, An Caol, Acaill. Teil: 098 43456 Ní mór don imreoir gailf a bheith an-chruinn len a chuid buillí ar an gcúrsa 9 bpoll seo. Teagmháil: Club Galf Maolraithní, Maolraithní. Teil: 098 36262 |