background image
an Aigéin Atlantaigh...
Is cuid tábhachtach de Ghaeltacht Mhaigh Eo uisce glan
neamhthruallaithe an Aigéin Atlantaigh. Don té a bhfuil suim aige i
gcaitheamh aimsire ar an uisce tá sé le fáil in Iorras nó in Acaill. Tá na
mílte fada de thránna fada, órdha sa dá phríomh chuan in Iorras, siad
sin Cuan an Fhóid Dhuibh agus Cuan an Inbhir agus rogha de
fharraige ciúin nó tonnta móra mar atá ag Trá Eannach. Tá cáil ar an
gceantar már áit thumadóireachta, seoltóireacht, curachóireacht, dul
sa mbruth le clár toinne, tránna slán sábháilte do pháistí agus
teagasc snámha ar fáil dóibh. Is féidir suaimhneas chuan Dú Éige nó
bruth glórach Dhú Goirt a bheith agat in Acaill. Moltar go gcinnteofaí
roimhré leis na hionaid spóirt uisce faoina gcáilíochtaí agus árachas.
UISCE Ionad Spóirt Uisce
Is ionad spóirt uisce agus coláiste samhraidh Gaeilge nasctha le
chéile an tIonad seo. Tá réimse leathan cúrsaí ar fáil do pháistí agus
daoine fásta.
Teagmháil: Coláiste UISCE, Béal an Mhuirthead. Teil/Facs: 097 82111
Idirlíon: www.uisce.com
c a i t h e a m h a i m s i r e a r u i s c e
41