background image
9
Cuireann tránna in aice an bhóthair agus caladh foscúil leis an tóir a
bhíonn ar An Spidéal mar cheann scríbe saoire don teaghlach. Ó
Chéibh an Spidéil is féidir iascaireacht ar an domhain a dhéanamh
amach ar an gcuan nó timpeall Oileáin áille Árann. Téigh siar an
bóthar arís trí Indreabhán áit a léireoidh casadh ar dheis nó ar chlé
tír ina bhfuil sléibhte iontacha, talamh portaigh nó siúlóidí cósta don
té nach bhfuil eolas roimh ré ar an áit aige. I Sean-Scoil Shailearna,
bunscoil athchóirithe in Indreabhán, tá léargas pobalbhunaithe ar
nádúr agus ar ghnéithe Chonamara. Ón aerfort ag Indreabhán
eitlíonn Aer Árann go dtí trí Oileán Árann, aistear nach dtógann ach
sé nóiméad d'am eitilte.
Ceardlann an Spidéil
Cnuasach tarraingteach siopaí ceardaíochta, a sholáthraíonn réimse
ceardaíochta nach mbíonn le fáil go ginearálta i siopaí miondíolta
eile ­ ionad ceardaíochta ina ndéantar an cheardaíocht féin agus
dámhlann ealaíne áit a ndealbhaíonn ceardaithe nua-aimseartha píosaí
ealaíne a tháinig as ionspráid ó áilleacht agus oidhreacht an réigiúin.
Teagmháil: Ceardlann an Spidéil Teil: 091 553376 Faics: 091 553017
Bóithre beaga tríd tírdhreach ríogúil...
radharcanna breátha agus suaimhneas...