background image
43
thosaitheoirí agus do mhaicaigh le taithí...
Scoil Mharcaíochta Clonboo
Suite leathbealaigh idir Cathair na Gaillimhe agus Áth Cinn, tugann
Scoil Mharcaíochta Clonboo deis marcaíochta ar chapall i sráideanna
suaimhneacha tuaithe, as a bhfuil radharcanna ar Loch Coirib. Tá sé
sin oiriúnach do thosaitheoirí agus do mharcaigh a bhfuil saintaithí
acu araon. Áirítear ar na saoráidí mànege, stáblaí agus seomraí feistis.
Teagmháil: Clonboo Riding School, Ard na Coille, Cor an Dola.
Teil: 091 791362
Ionad Eachrach Chros na hAille
Suite i mBaile Locha Riach, tairgeann Ionad Eachrach Chros na hAille
réimse falróidí a chlúdaíonn Conamara, an cósta agus roinnt bealaí
trastíre.
Teagmháil: Aille Cross Equestrian Centre, Baile Locha Riach. Teil:
091 841216
Stáblaí Ard Aoibhinn
Tá Stáblaí Ard Aoibhinn suite i dTuar Mhic Éadaigh i gceantar
Gaeltachta Mhaigh Eo, in aice le Gaeltacht na Gaillimhe. Is ionad
marcaíochta fheirm oibre é, a thairgeann cóiríocht chónaitheach
agus féinlónadóireachta. Is féidir le duine taitneamh a bhaint as
réimse radharcanna áille agus fiadhúlra Shliabh Phartraí ar mhuin
capall. Is ábhar bróid é capaillín Chonamara ina stábla chomh maith
le rogha de chineálacha láidre Capaill Seilge Éireanacha.
Teagmháil: Stáblaí Ard Aoibhinn, An Ceapach Dubh, Tuar Mhic
Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Teil: 092 44009