background image
15
solais i Nua Eabhrach...
c o r r n a m ó n a , t u a r m h i c é a d a i g h
a g u s d ú t h a i g h s h e o i g h e
Ón Teach Dóite téann an bóthar go díreach ó thuaidh isteach faoin tír
i dtreo Chorr na Móna agus fairsinge méith Dhúthaigh Sheoighe. Is
sa cheantar seo a rinneadh scannánú ar scéal cháiliúil John Wayne
agus Maureen O'Hara "The Quiet Man". Bíonn fonn ar phobal
cairdiúil, fáiltiúil Chorr na Móna a n-ionad álainn ar thaobh Loch
Coirib, a bhfuil cáil air ó thaobh iascaireachta, bádóireachta agus
siulóidí, a roinnt le daoine eile. Ar oileán in aice láimhe tá Caisleán
na Circe, caisleán a raibh cónaí uair ar Bhanríon Chonamara a bhí ina
foghlaí mara, Gráinne Mhaol Ní Mháille, ann a mhair le linn réimis
Bhanríon Éilis 1 Shasana. Tá An Fháirche suite sa taobh tíre ildaite
idir Loch Coirib agus Loch Measca, áit a bhfuil, mar a déarfaí,
buntáiste á bhaint as an dá cheantar aici. Níos faide siar tá An Líonán
áit ar rinneadh an scannán de scéal iontach John B. Keane "The
Field". In aice leis sin ar Leithinis Rinn Mhaoile tá Uiscelann agus
Músaem Muirí, áit a bhfuil taispeántas eolasach agus tarraingteach
d'oidhreacht mara Chonamara. Tagann Sliabh Phartraí anuas le fána
go dtí bruacha Loch Measca, ag tabhairt foscadh do Thuar Mhic
Éadaigh lena Choillte agus Easanna. Tá báid phléisiúir le fáil ar Loch
Measca agus tá traidisiún láidir Earraí Cniotáilte Éireannacha ag Tuar
Mhic Éadaigh.