background image
30
Ag tabhairt faoi shléibhte
Is faoin tuath atá an bealach den chuid is mó ach téann níos lú ná 10
km de trí cheantar stairiúl na Gaillimhe agus trí imeall na Cathrach
rud a thugann an siúlóir chuig ceantair stairiúla mar An Póirse Caoch
agus an Cladach. A luaithe a bhítear lasmuigh den chathair, faoin
tuath i gConamara, lúbann an tsiúlóid seo a bealach trí mhóintigh
shíoraí agus ar feadh cosáin chladaigh ar chósta Chuan na Gaillimhe.
Nascann sé leis an mBealach Thiar i dtuaisceart Chonamara ag
Uachtar Ard agus in nGleann na hEidhní.
Mionsonraí na Slí
Cathair na Gaillimhe, An Spidéal, An Cheathrú Rua, Ceantar na
nOileán, Ros Muc, Sraith Salach agus Uachtar Ard. Fad iomlán: 240
km/150 míle. I gcomhair leabhráin agus léarscáile mionsonraithe a
imlíníonn Bealach na Gaeltachta déan teagmháil le d'oifig
turasóireachta áitiúil.
The Western Way
Téann cuid den Bhealach Thiar trí Ghaeltacht na Gaillimhe ó Uachtar
Ard go dtí an Líonán. Tosaíonn an bealach seo ag Uachtar Ard agus
leanann sé tríd Dúiche Sheoigheach ar feadh bhruach Loch Coirib
chomh fada leis an Mám. Ón Mám leanann sé slí ar leibhéal íseal trí
raonta grianchoichíte Shléibhte Mhám Tuirc agus na mBeanna Beola,
sula dtéitear anuas le fána chuig gleann domhain, caol an Chaoláire
Rua agus nasctar leis an mBealach Thiar (Maigh Eo) in aice an
Líonáin.