background image
19
19
gCeilteach agus Éire na nGael a aireachtáil...
Amuigh san Aigéan Atlantach, ar chiumhais thiar na hEorpa, tá trí
Oileán Gaeltachta Árann, is iad sin Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr.
Tá clú agus cáil ar na hoileáin sin as a mbealach uathúil
maireachtála, áit a maireann traidisiúin seanbhunaithe lámh ar lámh
leis an saol nua-aimseartha. Baineann stair shaibhir leis na hoileáin,
stair is léir óna séadchomharthaí ársa, ó thréimhsí réamhstaire agus
Críostaí araon. Seo an áit leis an am a bhí a bhraistint, le Éire na
gCeilteach agus Éire na nGael a aireachtáil.
Inis Mór
Is é Inis mór, mar a thugann an t-ainm le fios, an ceann is mó de thrí
Oileán Árann. Is é Cill Rónáin an príomhshráidbhaile. Is talamh ársa é
seo suite i bhfarraige gan teorainn áit a bhfuil cathracha gríobháin
clocha aoil ag dul in aghaidh an aird chuig aillte uafara, lena
séadchomharthaí aisteacha, síonchaite cloiche. Cruthaíonn ballaí
casta cloiche páirceanna beaga mar a bheadh paistí ann, ó am go
chéile ag síneadh síos chuig tránna glana, ciúine, neamhthruaillithe.
Tá Inis Mór isteach agus amach le 9 míle (12 km) ar fhad agus 2 mhíle
(3 km) ar leithead agus tá sé mar a bheadh na flathais ann don lucht
saoire siúlóide. Ar fud an oileáin tá mílte de chladach craigeach,
gainmheach agus amanna clochach tá flúirse fiadhúlra ann agus os
cionn 437 cineál bláthanna fiáine. Seo oileán de raftaí aolchloiche, a
idirnascann cosáin agus ailtreacha uaimhneacha, lena radharcanna a
thugann lánléargas ar Chonamara, ar Chontae an Chláir agus amanna
o i l e á i n á r a n n