background image
33
buntáiste as an tírdhreach fiáin seo...
Mionsonraí na Slí
Uachtar Ard, An Mám, Máimín, Eidhneach, Toorenaconna, an Líonán.
Fad Iomlán: 50 km/31 míle. I gcomhair leabhráin agus léarscáile
mionsonraithe a imlíníonn an Bealach Thiar déan teagmháil le
d'oifig turasóireachta áitiúil.
Ionad Siúlóidí Chonamara
Oibríonn Ionad Siúlóidí Chonamara clár siúlóidí treoraithe leath lae
agus turais lae iomláin i rith shéasúr an tsamhraidh. Taiscealaíonn na
siúlóidí sin oidhreacht agus tírdhreach phortaigh, shléibhte agus
oileáin Chonamara. Tá saoire féinthreoraithe ar fáil chomh maith trí
Chonamara agus a chuid oileáin ina mbíonn radharcanna ar sléibhte
fiáine, agus a théann ar chóstaí garbha agus ar oileáin áille. Is féidir
leis an tsaoire sin a bheith ó cheithre lá go dtí ocht lá.
Teagmháil: Ionad Siúlóidí Chonamara Teil: 095 21379 Faics: 095
211845 láithreán líonra: www.walkingireland.com.
Turais Rothaíochta Ghaeltacht Chonamara
Cuireann Turais Rothaíochta Ghaeltacht Chonamara turais
rothaíochta seachtaine ar fáil timpeall chúlbhóithre tuaithe
Chonamara. Cónascann pacáiste rothaíochta uaschaighdeánach an
chuid is fearr de radharcanna, de fhlaithiúlacht agus de chóiríocht na
hÉireann. Is 45km/30míle ar an meán achar na rothaíochta ach tá
roghanna níos faide ar fáil.
Teagmháil: Turais Rothaíochta Gaeltacht Chonamara. Teil: 095
33618/33542 Ríomhphost: [email protected]