background image
37
Is í an chuil Bhealtaine a bhíonn chun cinn...
Comhlacht Iascaireachta Chasla agus Faoiremaola
Tá cáil ar cheantar iascaireachta Chasla, Faoiremaola agus deisceart
Chonamara ó thaobh iascach Breac Ghael de. Is féidir le iascairí a bheith
ag iascaireacht breac gheal agus bradán ar Abhainn an Chasla. Is féidir
iascach ar abhainn agus ar loch. Bíonn scéim lascaine ar fáil d'iascairí.
Teagmháil: Comhlacht Iascaireachta Chasla agus Faoiremaola,
Casla, Co. na Gaillimhe. Teil: 091 572196; Ephost: [email protected];
Idirlíon: www.iol.ie/~cosfer
Castaway Fishing Holidays
Eagraíonn Castaway Fishing Holidays pacáistí saoire a oireann do
gach saghas buiseád, ceangal teaglaigh, agus gach ábaltacht
iascaireachta i gcroílár Chonamara. Cuirtear treallamh iascaireachta,
modh taisteal chuig agus arais ón láthair iascaireachta, lón, agus
ceadúnais ar fáil. Tá treoraí ar fáil do bheirt iascaire san am. Is féidir
a bheith ag iascach ar abhainn, loch agus an fharraige mhór.
Teagmháil: Doire Choill, Casla, Co. na Gaillimhe; Teil 091 572667;
Ephost: [email protected]
Aibhneacha agus Locha go flúirseach...