background image
41
a fheiceáil ná ar mhuin capaill...
m a r c a í o c h t c a p a l l
Marcaíocht Capall i nGaeltacht na Gaillimhe
Ceann de na bealaí is taitneamhaí le tírdhreach Chonamara, as ar
eascair Capaillín Chonamara, a fheiceáil ná ar mhuin capaill. Bain
sásamh as tírdhreach athraitheach na sléibhte taibhseacha, na
lochanna leathana, na n-aibhneacha ríogúla, na ngarrantaí beaga lena
mballaí tirme cloch ina dtimpeall, na dtránna, agus análaigh isteach an
t-aer glan úr agus tú ag treorú do chapaill trí Ghaeltacht na Gaillimhe.
Tá na hionaid marcaíochta capall seo a leanas liostaithe agus
ceadaithe ag A.I.R.E ­ an Cumann do Bhunáiteanna Marcaíochta in
Éirinn, agus oibríonn siad i nGaeltacht na Gaillimhe nó timpeall uirthi.
Ionad Eachrach Bhaile Chláir
Tá an t-ionad seo suite ar 7 ha de thalamh feirme tipiciúil i nGaillimh
agus tairgeann sé cúrsa aiteasach trasna tíre agus meascán de
dhisciplíní a bheidh oiriúnach do gach leibhéal cumais. Tá fáinne
aclaíochta iontach faoi dhíon ann agus ullmhaítear daltaí do
scrúduithe BHS. Cuirtear cóiríocht ar fáil sa teach feirme agus tá
gailearaí mór le saoráidí lónadóireachta ag na stáblaí chomh maith.
Teagmháil: Claregalway Equestrian Centre, Rockwood, Baile Chláir.
Teil: 091 798289 Faics: 091 761221
Ionad Eachrach Thóin na Brocaí
Suite 2.5 km ó Chathair na Gaillimhe, is áit aoibhinn í seo do lucht