background image
25
b u a i l f a o i g h a l f ...
álainn nádúrtha... in Iarthar na hÉireann...
Galf i nGaeltacht na Gaillimhe
Tá cúrsaí gailf den scoth, atá múnlaithe as tírdhreach álainn
nádúrtha, le fáil in Iarthar na hÉireann ag an gcuairteoir. Más é do
rogha imirt in aice na farraige nó níos faide isteach faoin tír, tá
éagsúlacht iontach cúrsaí i bhfoisceacht caoga nó seasca míle ó
Chathair na Gaillimhe. Tá na cúrsaí gailf seo a leanas suite i gceantar
Gaeltachta nó ag síneadh le ceantar Gaeltachta.
Club Gailf agus Tíre Bhearna
Lonnaithe i gceantar ina bhfuil radharcanna fíoráille agus atá 3 km ó
thuaidh de shráidbhaile Bhearna agus isteach agus amach le 8 km ó
Ghaillimh, tá an cúrsa craoibhe gailf seo suite i dtaobhtíre garbh
tipiciúil Chonamara agus tá na mínligh tógtha idir clocha agus
fraoch. Is é Bobby Browne a dhear an cúrsa as a bhfuil radharcanna
iontacha ar Chuan na Gaillimhe. Par 71 Fearann Páirce.
Teagmháil: Club Gailf agus Tíre Bhearna Teil: 091 592677/592674
Cumann Gailf Oileáin Chonamara
Suite i gcroílár Chonamara is cúrsa uathúil oileán é seo ina bhfuil
cuid de na poill ghailf is breátha sa tír. Tá an cúrsa 9-bpoll seo, atá
lonnaithe in Eanach Mheáin, ceangailte leis an mórthír trí thóchar ag
Béal an Daingin. Is fiontair nádúrtha iad na góilíní mara agus na
lomáin charraige, rud a éilíonn cúram agus stuaim. Tar éis cluiche a