background image
49
Tá mórbhóithre den scoth ag dul chuig Cathair na Gaillimhe, an
Bealach Isteach chuig Gaeltacht na Gaillimhe agus Oileáin Árann, as
gach mórionad iontrála go hÉirinn.
Rochtain tríd an Aer ­ Aerfort na Gaillimhe
Soláthraíonn Aerfort Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath seirbhís chuig
Aerfort na Gaillimhe. Ní thógann sé ach 40 nóiméad eitilt ó Bhaile Átha
Cliath go Gaillimh agus oibríonn Aer Árann 5 eitilt in aghaidh an lae.
Rochtain i mBus
Cuireann Bus Éireann, City Link, Nestors agus oibritheoirí
príobháideacha eile rogha seirbhís bus ar fáil idir Gaillimh, Baile
Átha Cliath agus ceantair/suímh eile ar fud na hÉireann. Is ann do
cheangail bus chuig príomhshráidbhailte i nGaeltacht na Gaillimhe.
Rochtain ar Iarnród
Oibríonn Iarnród Éireann roinnt traenacha ar bhonn laethúil idir Baile
Átha Cliath agus Gaillimh sa dá threo.
Beidh fáilte romhat sa Ghaeltacht...
g a e l t a c h t n a g a i l l i m h e ...
c o n a s d u l a n n