background image
11
báid farrantóireachta go dtí Oileáin Árann...
a n t u l a c h , r o s a ' m h í l ,
a n c h e a t h r ú r u a a g u s
c e a n t a r n a n o i l e á n
Athraíonn an tírdhreach de réir a chéile agus duine ag dul níos faide
siar thar na gcoláistí samhraidh Gaeilge agus Séipéal na Tulaí. Tá an
ceanncheathrú ag TG4, an tseirbhís Teilifíse Gaeilge, ar An Tulach agus
tamall siar uaidh sin craobhaíonn an bóthar ar chlé chuig caladh Ros
an Mhíl, ceann de phríomhchalafoirt iascaireachta na hÉireann. Is í seo
an ché ar an mórthír as a bhfágann na báid farantóireachta go rialta
chuig Oileáin Árann. Chomh maith leis sin tá Túr Martello suimiúil i
Ros an Mhíl. Tabharfaidh an bóthar ar chlé ó Raidió na Gaeltacha
(ceanncheathrú Stáisiún Raidió na Gaeltachta) ag Casla go dtí
sráidbhaile na Ceathrún Rua muid, áit a bhfuil calaí foscúla, tránna
agus cladach uathúil coiréil. Tá An Cheathrú Rua ar leithinis ar
chiumhais an Atlantaigh agus tá roinnt radharcanna den scoth ar fad ann.
Cas i lár An Cheathrú Rua agus lean ort trí Bhéal an Daingin agus
isteach leat i gCeantar na nOileán. Lonnaithe idir Cuan Chill Chiaráin
agus Cuan an Fhir Mhóir, is iad Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna
agus Leitir Mealláin na príomhoileáin. Tá teacht ar na hoileáin sin trí
shraith droichead agus tóchar, a tógadh ag deireadh an naoú céad
déag. Níl na hoileáin seo ar an bpríomhbhealach turasóireachta agus
dá bhrí sin tá siad fós gan mhilleadh agus is beag duine a théann