background image
Ionad Tomadóireachta Oileáin Árann
Is sampla iad na farraigí timpeall ar Oileáin Árann de cheann de na
réimsí fo thoinn is mórthaibhsí agus is áille atá le fáil in aon áit in
Éirinn. Is in Inis Meáin, ceann d'Oileáin Árann, atá an tIonad
Tomadóireachta. Tá an t-ionad iomlán in aon fhoirgneamh amháin
agus tá sé tógtha gar do ché chiúin. Áirítear i measc na saoráidí 30
foireann iomlán de threallamh ar cíos, 90 sorcóir scuba, cultacha
tirme ar cíos, comhbhrúiteoir mór agus bancanna stórála, trealamh
ceamara fo thoinn ar cíos, réimse stórála treallaimh agus seomraí
móra ranga ina bhfuil gach cabhair teagaisc nua-aimseartha. Áirítear
i measc na ngníomhaíochtaí speisialta agus na dturas safari
tomadóireachta trí lá, ceardlann ghrianghrafadóireachta fo thoinn,
laethanta saoire club tomadóireachta agus chomh maith leis sin
raon clár oiliúna PADI.
Teagmháil: Ionad Tomadóireachta Oileán Árann Teil: 091 582422 or
099 73134
Tomadóirí Scuba Chuan na Gaillimhe
Tá fáil ar thránna coiréal fo thoinn agus uiscí glana timpeall ar chósta
garbh Cheantar na nOileán i gConamara agus is áit aoibhinn é do
thomadóirí. Freastalaíonn na cláir ar thosaitheoirí agus ar thomadóirí
a bhfuil sárchleachtadh acu araon.
Teagmháil: Tomadóirí Scuba Chuan na Gaillimhe
Teil: 091 553065
/087 2653024
t o m a d ó i r e a c h t s c u b a
47
thoinn agus uiscí glana...