background image
21
Árann thar na glúinte...
chomh fada ó dheas le Ciarraí, nuair a bhíonn an spéir glan. Ach,
daoine nach bhfuil baileach chomh fuinniúil, is féidir leo Inis Mór a
fheiceáil ar rothair atá le fáil ar cíos ar an oileán nó ar bhealach
traidisiúnta níos réidhe ar chapall agus carr cliathánach. Tá turais
treoraithe ar fáil chomh maith, i mionbhusanna, ó Chéibh Chill Rónáin.
Is féidir le cuairteoirí blaiseadh iontach a fháil de chultúr agus stair na
nOileán ag Ionad Árann, ionad cuairteoireachta den scoth.
Dún Aengus
Is caiseal mór réamhstairiúil cloiche aon acra déag é Dún Aengus atá
lonnaithe ar Inis Mór, agus creidtear go stairiúil go raibh cumhacht
mhór ar muir ag baint leis tráth. Creideann saineolaithe gur tógadh é
idir 800 RC agus 400 AC. Tá sé cosanta ar thaobh na talún de le trí
fháinne d'fhorbhallaí ollmhóra cloiche, tá sé cosanta chomh maith le
carraigeacha géara aolchloiche a bhfuil a gceann san aer (cheveaux
de frise) atá curtha sa talamh mar chosaint i gcoinne namhaidí a
bheadh ag ionsaí. Suite ar chiubhais titime ollmhóire beagnach 300
troigh síos go farraige, tugann sé radharc mórthaibhseach ar Chuan
na Gaillimhe. Tá sé ar cheann de na séadchomharthaí réamhstairiúla
is tábhachtaí agus is cáiliúla san Eoraip. Tá ionad oidhreachta Bhún
Aonghasa suite i gCil Mhuirbhigh.
Ionad Árann
Níl Ionad Árann ach díreach cúpla nóiméad siúil ó shráidbhaile Chill
Rónáin. Is áit é a thugann fíorléargas agus áit a ndéanfá iontas de. Is
oscailt é ar shaol mhuintir Árann thar na glúinte. Má théann tú ar