background image
5
Suite siar ó Chathair na Gaillimhe, i réimsí móra de Chonamara, tá an ceantar
Gaeltachta is mó in Éirinn. Anseo, is í an Ghaeilge teanga labhartha laethúil
na ndaoine a oibríonn agus mhaireann i gcroílár cultúrtha na Gaillimhe. Is
féidir le daoine anseo athrú ó Ghaeilge go Béarla, agus a mhalairt go cruinn,
gan dua agus bíonn a mBéarla breactha le ráitis Ghaeilge. Is anseo atá ciste
de sméar mhullaigh oidhreacht, chultúr agus bhéaloideas na hÉireann áit a
gcanann agus a ndamhsaíonn daoine fós ar an nós traidisiúnta.
Ag tiomáint siar ar feadh chósta na Gaillimhe, tabharfaidh tú an t-athrú
sa tírdhreach chun suntais. Ar thaobh na láimhe clé tá an tAtlantach
cumhachtach agus ar thaobh na láimhe deise tá tírdhreach Chonamara,
tírdhreach de phortaigh, de ghleannta agus de lochanna a iatann cósta
casta agus suntasach, agus sléibhte mórthaibhseacha na mBeanna
Beola agus Mhám Tuirc. Sníonn bóithre beaga ciúine tríd an tírdhreach
ríogúil agus treoraíonn siad ó shráidbhaile go sráidbhaile tú. I gceantar
atá fós gan a bheith millte agus réasúnta tearc ar dhaoine, tiocfaidh tú
ar thránna, siúlóidí le radharcanna breátha agus suaimhneas agus is
cuma cá gcasann tú ní bhíonn tú riamh i bhfad ón bhfarraige.
Díreach amach ón gcósta, in inbhear Chuan na Gaillimhe, tá trí Oileán
Árann, is iad sin Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Tá clú agus cáil ar na
hoileáin sin as an mbealach maireachtála ar leith a chleachtaítear orthu,
áit a bhfuil traidisiúin seanbhunaithe lámh ar lámh le maireachtáil nua-
aimseartha. Tá stair shaibhir ag na hOileáin.
f a i g h a m a c h g a e l t a c h t n a g a i l l i m h e
saibhreas oidhreachta agus béaloidis...