background image
45
Áras Mháirtín Uí Chadhain
Cuireann Áras Mháirtín Uí Chadhain d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
raon cúrsaí Gaeilge ar fáil a bhíonn déanta go speisialta le freastal ar
riachtanais dhaoine fásta, ag gach staid den fhoghlaim. Lonnaithe ar
an gCeathrú Rua, cuireann an t-ionad Gaeltachta ar chumas na
rannpháirtithe a dteagmháil leis an teanga a bheith chomh mór agus
is féidir. Cuirtear cúrsaí deireadh seachtaine agus dianchúrsaí
seachtaine agus coicíse ar fáil sa Ghaeilge labhartha. Áiríonn gach
clár cúrsa gníomhaíochtaí traidisiúnta agus cultúrtha ­ ceardlanna
Damhsa Ghaelaigh, amhránaíocht thraidisiúnta agus cuairteanna ar
áiteanna suimiúla áitiúla.
Teagmháil: Áras Mháirtín Uí Chadhain ag: Teil: 091 595101/595038
Faics: 091 595041
Áras Shorcha Uí Ghuairim
Ionad Léinn agus Cultúir de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea
Áras Shorcha Ní Ghuairim. Anuas ar chúrsaí léinn feidhmíonn an tÁras
mar láthair chultúrtha. Reáchtáiltear tionóil agus ócáidí éagsúla san
Áras, cuid acu i gcomhar le grúpaí eile. Ar na himeachtaí seo áirítear
Tionól Béaloidis Iorras Aithneach, Féile Joe Éiniú, Oícheanta Ceoil agus
Áirneáin agus Ceardlanna Oiliúna Sean-Nóis agus Uirlisí Ceoil.
Teagmháil: Áras Shorcha Ní Ghuairim, Roisín na Mainiach, Carna, Co.
na Gaillimhe. Teil: 095 32834; Faics: 095 32836
Ephost: [email protected]
g a e i l g e a f h o g h l a i m
déanta go speisialta...