background image
29
s i ú l a g u s r o t h a í o c h t
siúlóidí foraoisa agus portaigh oscailte...
Dóibh sin a dtaitníonn cosaíocht éasca nó don dream sin ar mian leo
tabhairt faoi shléibhte garbha agus bealaí cósta, tá áit a dtriail i
nGaeltacht Chonamara. Is ann do bhóithríní folaithe; cladaí agus
tránna, siúlóidí foraoise agus portaigh oscailte agus tá ciúnas,
áilleacht agus dúlra le fáil iontu. Ní bhíonn aon phlódú ar na bealaí
tríd is tríd, ach fós is deas an rud é casadh le siúlóirí eile ar feadh an
bhealaigh agus beagán cainte a dhéanamh leo.
Bealach eile le buntáiste a bhaint den tírdhreach fiáin seo ná ar
rothar. Is féidir leat taitneamh a bhaint as aer úr an Atlantaigh i
measc na ngarrantaí beaga lena mballaí cloiche, i measc na sléibhte
crochta agus na locha ciúine, is féidir leat do scíth a ligean ar thrá
ghainimh nó cuairt a thabhairt ar theach tábhairne faoin tír.
Bealach na Gaeltachta ­ Slí Chonamara
Is cianbhealach siúil 240 km (150 míle) é Bealach na Gaeltachta ­ Slí
Chonamara a forbraíodh go dtí caighdeán an Bhealaí Náisiúnta-
Bealaí Marcáilte. Is féidir rochtain a fháil ar Shlí Chonamara ó
bheagnach aon phointe ar feadh a bhealaigh agus tá níos mó ná 150
soláthróirí ceadaithe cóiríochta, lena n-áirítear Óstáin, Tithe Aíochta,
B&B, Brúnna, Féin-Lónadóireacht agus láithreáin
Carabhán/Campála, ar feadh na slí.