background image
14
Bhíodh sé ag díol cipíní
Chuaigh sé ar eisimirce go dtí na Stáit Aontaithe agus bhíodh sé ag
díol cipíní solais i Nua Eabhrac. Áirítear i measc gnéithe eile athchruthú
crannóige (áit chónaí locha réamhstairiúil), ráith agus clochán
(Airgeal Luath-Chríostaí). Tugann carr capaill ar an seandéanamh
cuairteoirí ar thuras treoraithe tríd an ionad. Áirítear i measc na saoráidí
ag an ionad siopa mór ceardaíochta, seomra tae, teileafón agus leithris.
Teagmháil: Áitreamh Dan O'Hara, Ionad Oidhreachta agus Staire
Chonamara. Teil: 095 21246 Faics: 095 22098.
Teach an Phiarsaigh
Teachín beag athchóirithe é seo ar bhain Pádraig Mac Piarais (1879 -
1916), ceannaire Éirí Amach na Cásca 1916, úsáid as mar theach
samhraidh. Tá athchóiriú déanta ar an taobh istigh toisc gur dódh é i
rith Cogadh na Saoirse, agus tá taispeántas maraon le roinnt
cuimhneachán de Phádraig Mac Piarais ann. Rochtain theoranta
dóibh siúd le míchumais.
Teagmháil: Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. Na Gaillimhe.
Teil: 091 574292
Coillte agus Easa...