background image
22
thuras treoraithe tríd an léiriú iontach seo samhlóidh tú gur tugadh
siar os cionn dhá mhíle bliain tú. Tabharfaidh taispeántais shoiléire
léargas duit ar thírdhreach, ar thraidisiún agus ar chultúr na nOileán
crua, ach fós álainn, Atlantach seo. Léirítear stair agus geolaíocht
Árann chomh maith leis an saol atá á chaitheamh ag muintir an
oileáin faoi láthair trí shraith cairteanna, grianghraf agus
léarscáileanna. Scrúdaíonn an t-ionad traidisiúin déanta curachaí
agus na slite beatha a thug contúirt ar leac an dorais chuig na
hoileánaigh san am a caitheadh. Tugann go leor de na taispeántais
in Ionad Árann léargas ar an aoibhneas agus na deacrachtaí chomh
maith leis na gnáthrudaí a bhain le saol an oileáin.
Teagmháil: Ionad Árann Teil: 099 61355 Faics:099 61454
Inis Meáin
Tá Inis Meáin, an t-oileán lárnach, suite idir Inis Mór agus Inis Oírr.
Fáiltíonn cosáin trasna sleasanna cnoic atá lán le bláthanna fiáine sa
chuid theas den oileán roimh an té a bhíonn ar shiúlóid agus tá
cóstaí thuaidh Inis Meáin flúirse le tránna ciúine gainimh.
Áirítear ar shéadchomharthaí suimiúla stairiúla Inis Meáin Dún
Réamhstaire Chonchobhair, an dún is suntasaí de na dúin chiorclacha nó
ubhchruthacha balla tirim ar Oileáin Árann. I gceann thoir an oileáin tá
séipéal álainn Chill Chanúnaigh. I séipéal Mhuire Gan Smál, a tógadh i
1939 tá fuinneoga áille, taibhseacha gloine dhaite a rinne Stiúideonna
cáiliúla Harry Clarke. Rinneadh atógáil chúramach agus dhílis le déanaí ar
Theach Synge, an teachín ceann tuí a mbíodh an scríbhneoir John
Cosáin trasna sleasanna cnoic