background image
1
Sé do Bheatha...
An Ghaeltacht... Cad í féin?
Is í an Ghaeltacht an téarma a úsáidtear le tagairt do na
ceantair sin in Éirinn ina mbíonn an Ghaeilge fós á labhairt
mar theanga phobail, agus tá a cultúr agus a traidisiúin fós
beo beathach.
Tá na pobail a labhraíonn Gaeilge scaipthe ar fud seacht gcontae
agus ceithre chúige. Lonnaithe den chuid is mó ar chósta thiar na
tíre, clúdaíonn an Ghaeltacht codanna fairsinge de chontaetha
Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí mar aon le
codanna de chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge. Tá go
leor láithreacha saoire suimiúla agus éagsúla sna ceantair sin.
I gcomhshaol gach ceantair tá saibhreas oidhreachta agus
béaloidis, cultúir agus traidisiúin, agus tuiscint láidir
d'fhéinaitheantas agus d'uathúlacht. Is san áit seo atá an `fíor Éire'!
Gaeltacht na Gaillimhe...
Siar ó Chathair na Gaillimhe ar feadh chladaí Chuan na
Gaillimhe tá Gaeltacht na Gaillimhe nó Chonamara. Níos faide
amach san Aigéan Atlantach tá trí Oileán Gaeltachta Árann
Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr.
Éire ár sinsear...