background image
23
atá lán le bláthanna fiáine...
Millington Synge ag fanacht ann, agus bíonn sé ar oscailt do chuairteoirí.
Inis Oírr
Is ionann Inis Oírr agus an t-oileán is faide soir agus is é an ceann is
lú de thrí Oileán Árann é. Tá traidisiún ceoil Ghaelaigh,
amhránaíochta agus damhsa ag Inis Oírr a bhfuil an-bhród ag
muintir an oileáin as. I dtuaisceart an oileáin tá tránna áille, glana
gainimh agus go hard os cionn na trá tá caisleán ón 14ú haois a thóg
na Brianaigh. I measc fhothraigh Luath-Chríostaí an Oileáin tá
séipéal ón 11ú-12ú hAois a luaitear le Naomh Gobnait a deirtear ina
taobh gurbh í an t-aon bhean í a raibh cead isteach ar na hoileáin aici
i luathré na Críostaíochta. In ionad cultúrtha agus ceardaíochta an
oileáin áirítear ceardaíocht adhmaid, péintéireacht tírdhreacha,
potaireacht agus spléachadh ar oidhreacht an oileáin álainn seo.
Le Dul Chuig Oileáin Árann
Soláthraíonn Island Ferries seirbhís farantóireachta cuig Oileáin
Árann ó Ros an Mhíl ó cheann ceann na bliana agus bíonn ceangal
bus óna n-oifig i nGaillimh.
Teagmháil: Island Ferries Teil: 091 568903/572273; Faics: 091
568538; Ríomhphost: [email protected]
Freastalaíonn Aer Árann ar thrí Oileán Árann chomh maith óna
aerfort in Indreabhán, nach bhfuil ach cúpla míle siar ón Spidéal ar
bhóthar an chósta go Conamara.
Teagmháil: Aer Árann Teil: 091 593034; web: www.aerarann.ie