background image
13
13
cheantar neamh-mhillte seo...
s c r í b , r o s m u c , c a r n a a g u s c a i s e a l
Aniar ó Cheantar na nOileáin agus leithinis na Ceathrún Rua, téann
an bóthar beagnach díreach go Scríob agus Rosmuc áit a bhfuil
Teach an Phiarsaigh suite, an teach samhraidh a bhí ag Pádraig Mac
Piarais, file agus tírghráthóir 1916 na hÉireann. Is músaem anois é, tá
an teach tugtha ar ais go dtí an chaoi a raibh sé i ré an Phiarsaigh
agus bíonn sé ar oscailt do chuairteoirí i rith an tséasúir turasóireachta.
Leanann an bóthar leis siar ansin ar feadh an chósta go Carna agus
Cill Chiaráin, ceantar ina bhfuil macalla Ceilteach agus luath Chríostaí
le braistint ann. Tá cáil ar an gceantar seo go háirithe mar gheall ar
amhránaithe traidisiúnta sean-nóis ­ bí ag faire amach do sheisiúin
gan choinne! Tá an cuan breactha le hoileáin bheaga. Is dócha gurb é
Oileán Mhic Dara an ceann is suntasaí díobh seo áit a bhfuil séipéal
Naomh Mac Dara, áit a dtabharfaidh báid ar an oileán tú ar an 16ú
Iúil gach bliain, lá pátrúin an naoimh. Is lomán eibhir san aigéan é
Oileán Mhic Dara ar a bhfuil aireagal cloiche Luath-Chríostaí tiomnaithe
in ainm an naoimh. Ó Charna agus Cill Chiaráin casann an bóthar trí
Chósta Thiar na Gaeltachta go dtí An tSraith Salach sula gcasann sé
ar ais arís go dtí an Teach Dóite, crosbhóthar Ghaeltacht Chonamara.
Áitreamh Dan O' Hara, Ionad Oidhreachta agus Staire Chonamara
Tá ceacht stairiúil uathúil do chuairteoirí san t-ionad seo, ar duais
bhuaiteoir náisiúnta é, a shíníonn ó thréimhse na réamhstaire go dtí
an am i láthair. Is ann atá teach athchóirithe Dan O' Hara, feirmeoir
tionónta a díshealbhaíodh mar nach raibh ar a chumas a chíos a íoc.