background image
35
35
agus Bradán Atlantach is mó san Eoraip...
i a s c a c h g é i m
Is réimse iascaireachta ollmhór amháin atá i nGaeltacht na Gaillimhe
i ndáiríre, nach ann ach go dtrasnaíonn bóithre í, agus is ann atá trí
cinn de na hiascaireachtaí breac rua is tábhachtaí san Eoraip. Is inti
atá ceann de na hiascaireachtaí Breac Geal agus Bradán Atlantach is
mó san Eoraip.
Sna ceantair theas agus lárnacha tá na lochanna alcaileach, rud a
sholáthraíonn cúinsí idéalacha agus gnáthóg idéalach don Bhreac Rua.
Tá codarsnacht mhór idir sin agus na ceantair thuaidh agus thiar den
réigiún ina bhfuil lochanna agus córais aibhneacha atá níos aigéadaithe
a bhfuil cáil na hiascaireachta Bradán agus Breac Geal orthu, cé gur
féidir le Bric Rua a bheith iontu chomh maith.
Is Loch Corrib an dara loch is mó in Éirinn é agus is é ceann de na
samplaí is fearr san Eoraip é de loch mór aolchloiche. Bíonn neart
breac rua ann. Is féidir iascach le roithleán a dhéanamh air i rith an
tséasúir ach tá cáil ar an loch dá chaighdeán ard iascaireachta le
baoite cuile agus deapáil.
Is loch aolchloiche é
Loch Measca atá thart ar 10 míle ar fhad agus 4
míle ar leithead. Tá stoc den scoth breac rua ann. Tá cáil air mar loch
cuile fliche ag a mbíonn goradh cuil Bhealtaine agus deapáil. Is í an
chuil Bhealtaine a bhíonn chun cinn san iascaireacht ó lár Mhí na
Bealtaine go dtí lár Mhí Mheithimh agus is é cósta Thoir Locha
Measca an ceantar cuile Bealtaine is fearr.