stair agus modh maireachtála na ndaoine agus an fháilte a chuireann siad romhat go dtí an ceantar fíor álainn Gaeltachta seo. Siar ó bhaile Dhún na nGall atá paróistí Ard an Rátha, Cill Charthaigh agus Gleann Cholm Cille - pobail ghníomhacha a chleachtann ceirdne agus déantúsaíocht láimhe, sníomh agus fíodóireacht anseo in áit dúchais Bhréidín Dhún na nGall. Ceistigh daoine mar gheall ar Aonach na bhFíodóirí roimh dul Ghleann Géise amach duit nó tabhair turas ar shráideanna na mbailte beaga - Mín an Aoire, An Charraig, agus Teileann agus a chuan iascaireachta faoi aillte arda ag Sliabh Liag. Is í seo an aill mara is airde san Eoraip. Gabh "Conair an aon fhir" go dtí an Ionad Eachtraíochta ag Málainn Mhór. Buail isteach go dtí Daonbhaile Ghleann Cholm Cille nó Foras Cultúir Uladh láthair múinte don bhfidil, don chláirseach, don Ghaeilge, do sheandálaíocht nó don phéintéireacht. |