réimse ionad aoibhinn chun tumadóireachta breactha ar feadh an chósta. Is cuma cén grád de thumadóir tú, beidh ionad ann a oirfidh duit, cé acu an ó bhád nó ó thír a thumann tú. Beidh ar chumas an tumadóra maith tabhairt faoi chuardach i measc na n-iliomad longa briste atá ina luí ag tóin poill mórthimpeall an chósta, go háirithe sa réigiún thiar thuaidh, ach tá go leor ann freisin don tumadóir atá ar bheagán taithí. Is buntáiste dá leithéidí seo na hionaid tumadóireachta a bheith in aice pointí láinseála éasca. Ag brath ar an gcineál báid a úsáidtear, tá láithreáin ann amach ón gcósta gur furast teacht orthu in aimsir bhreá, ar nós Toraigh, Inis Bó Finne agus Oileán Árann Mhór. Tá bád farantóireachta ag freastal go rialta ar na hoileáin seo freisin, ach ní mór don aimsir a bheith go maith chuige seo. Tá na láithreáin is praicticiúla agus is mó a mbíonn tóir orthu in aice le Teileann agus Málainn Bheag in iardheisceart Dhún na nGall; Alt a' Chorráin agus Árainn Mhór in iarthar an chontae, chomh maith leis na Dúnaibh agus Ceann Mhálainne ó thuaidh. |