Ghaoth Beara agus sráidbhaile An Dúchoraidh, más slatiascaire breac nó bradán tú beidh tú sna flaithis. Glac sult as Loch Finne atá lán d'iasc, i lár Chontae Dhún na nGall agus Léim an Bhradáin ar Abhainn na Finne. Ó Bhaile na Finne is féidir leat turas a ghlacadh ar "An Mhuc Dhubh", an t- aon iarnród caoltomhais atá i nDún na nGall. I seanteach scoile athchóirithe tá taispeántas ar shaol agus ar shaothar Isaac Butt. Tírghráthóir, dlíodóir agus eacnamaí polaitiúil ab ea Isaac Butt Q.C. M.P. agus tugtar "Athair na Féinrialach" air. Teagmháil: Ionad Cuairteoirí Isaac Butt ag: Teil: 074 9131858 Is turas neamhghnách é seo. Níl ann ach turas fillte trí mhíle slí ar bhruach Locha Finne i mBaile na Finne. Fill ar an t-am úd nuair a rinne iarnród den chineál chaol seo freastal ar phríomhbhailte uile Dhún na nGall. Gabh ar an mbád ar an Loch nó tóg báidín rámhaigh. Teagmháil: An Mhuc Dhubh Teil/Facs: 075 9546280 |