Ceithre bhealach cuarda - gach ceann acu idir 50-70km. Slí an Earagail: An Fál Carrach, Gort a'Choirce, Gaoth Dobhair, Dún Lúiche. Slí na Rosann: An Clochán Liath, Ailt a'Chorráin, Anagaire, Croithlí. Slí na Finne: Baile na Finne, An Clochán, An Choimín. Slí Cholm Cille: Ard a' Rátha, Cill Chartha, Gleann Cholm Cille. Tá bróisiúr agus léarscáil cuimsitheach ar fáil a thaispeáineann Bealach na Gaeltachta ó Ghaelsaoire (sonraí istigh) Nasctar "laethanta sléibhe agus céilithe oíche" le Siúlóidí SOS agus faigheann an cuairteoir taithí sainiúil cultúrtha. Tá leibhéil éagsúla de shiúlóidí ann agus tá fáilte roimh fhíor-thosnaitheoirí. Tá na treoraithe cáilithe go proifisiúnta agus tá stór mór eolais ar an gceantar acu. Beidh do chosa fós ag preabadh fút san oíche ag freagairt do cheol traidisiúnta na gcéilithe ainneoin tuirse an lae. Teagmháil: Siúlóidí SOS, An Bhealtaine, Gort a'Choirce. Teil: 074 9135206 Ephost: [email protected] Idirlíon: www.sosdonegal.com |