Lárionad teanga agus cultúir is ea An Chrannóg sna Doirí Beaga i gceartlár na Gaeltachta i nGaoth Dobhair. Tá ceann de na pobail is líonmhaire sa tír anseo. Tá ag éirí leis an ionad cur leis an méid Gaeilge a labhartar tríd an raon leathan de chúrsaí oideachais agus d'imeachtaí pobail a reachtáileann sé. Ar na háiseanna taighde atá ann tá leabharlann chuimsitheach a dhéanann cúram faoi leith d'fhoilseacháin le húdair Ultacha, cartlann fhairsing raidió agus teilifíse agus saotharlann nua-aimseartha teanga. Reachtáltar cúrsaí sa Ghaeilge labhartha, go háirithe Gaeilge Uladh, ar thrí leibhéal ag brath ar réamheolas an lucht foghlama ar an teanga. Deimhníonn an cur chuige seo dul chun cinn agus gineann sé muinín i measc na bhfoghlaimeoirí. Teagmháil: An Chrannóg Teil: 074 9532188 Facs: 074 9532189 |