Tá 16,000 heachtár faoi Chaisleán agus Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheithe. - sliabh, portach, locha agus coillte. Tá mórán cineálacha fiashaoil le fáil sa pháirc seo, ina measc tá an tréad is mó dá bhfuil in Éirinn den bhFia Rua dúchasach agus tá beanna an dá shléibhe is airde i dTír Chonaill inti freisin - Earagail agus Sliabh Snacht. Tá ionad turasóireachta ann ina bhfuil taispeántais mhaithe chlos-amharc. Is breá mar chodarsnacht le háilleacht scéirdiúil an cheantair é Caisleán breá Ghleann Bheithe. Tógadh an caisleán anseo sna blianta 1870- 1873. Is féidir cuairt le treoraí a thabhairt ar an gCaisleán. Meastar gáirdíní an Chaisleáin seo a bheith ar na cinn is fearr in Éirinn. Tá bialann san Ionad agus tá taesheomra sa Chaisleán. Tá turais de ghairdíní an chaisleáin, siúlóidí dúlra agus siúlóidí sléibhe ar fáil. Teagmháil: Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe Teil: 074 9137088 |