Sa Daonbhaile agus an Músaem i nGleann Cholm Cille rinne an tAthair Mac Duibhir `clachan' nó sráidbhaile beag ar nós mar a bhí coitianta san 18ú, 19ú agus an 20ú aois a athchruthú. Tá an músaem ar maos le cultúr, traidisiún agus teanga. Léirítear an saol mar a bhí i nDún na nGall Thiar Theas trí ionad mínithe, siopa ceirdne, teach foirne, teach scoile, síbín agus tithe ceann tuí. Teagmháil: Daonbhaile agus Músaem Ghleann Cholm Cille Teil/Facs: 074 9730017 Is áislann pobail feidhmiúil é seo i gCill Charthaigh, áit ina bhfuil neart le déanamh ag muintir na háite agus turasóirí mar an gcéanna. I measc na háiseanna tá halla spóirt ina n-imrítear badmantan, bollaí, cispheil, eitpheil, haca, sacar agus snúcar. Tá oifig eolais anseo le seirbhísí e-phoist agus idirlíne gan trácht ar phictiúrlann le haghaidh scannáin den scoth. Tá ábhair léitheoireachta, foinsí staire agus pictiúrí den cheantar le feiceáil go flúirseach. Teagmháil: Áislann Chill Chartha. Teil: 074 9738376 Facs:074 9738535 |