Tá sár radharcanna ón gcúrsa 9 bpoll seo. Fanann sé ar oscailt i gcaitheamh na bliana ar fad ar tháillí imeartha. Suite os cionn na farraige, tá dúshlán ann, go háirithe nuair a shéideann an ghaoth aniar ón bhFarraige Mhór. Tá an cúrsa suite ar imeall Bhá Ghaoth Dobhair, ar aghaidh na n-oileán mara agus Sliabh Earagail lena chúl. Machaire Par 71. Teagmháil: Galfchumann Ghaoth Dobhair Teil: 074 9531140 Tá nuachúrsa dea-dheartha, 9 bpoll, leagtha amach anseo ar shean eastát stairiúil Bhaile Uí Chonaill. Mórthimpeall air tá crainn fhásta páirce. Par 70. Teagmháil: Galfchumann Chloich Cheann Fhaola Teil: 074 9135243 |