background image
Téigh ar bord sa Bhun Beag agus tabhair turas ar Thoraigh, Inis
Meáin nó Inis Bó Finne. Imir galf i nGaoth Dobhair nó ar Oileán na
Cruite lámh le hAerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall. Tá sceideal rialta
ag an mbád farantóireachta ón mBun Beag go Toraigh na háilleachta.
Dhá mhíle go leith faoi thrí cheathrú atá Toraigh. Baisteadh é as na
haillte stuaiceacha atá deartha ann ag an Fharraige Mhór. Tá cónaí ar
dhaoine ar Thoraigh ó tháinig na feirmeoirí Neoiliteacha ann thart ar
4,000 bliain ó shin. Tá sé sa bhéaloideas gur mhair cine d'fhoghlaithe
mara anseo tráth agus gurbh é Balor, fathach ar leathshúil mhallaithe
a nDia-Thaoiseach. Maireann an cloigtheach agus Cros Cholm Cille
anseo go fóill. Tá an phríomháit ag an bhfarraige i bpéintéireacht na
n-ealaíontóirí oileánacha. Cuireadh a saothar ar taispeáint ar fud an
domhain. Tá an Ghaeilge ar gach taobh díot anseo.
Ar ais leat ar an mórthír agus lean ort ar bhóthar an chósta go dtí
Cnoc Fola na háilleachta, nó gabh ar chlé nó iompaigh isteach faoin
tír thar chnoc agus ard go Dún Lúiche agus a "Ionad Cois Locha".
Lámh leis sin tá Gleann Neimhe gur seoid ar áilleacht é. Ar aghaidh
leat ansin go dtí an Pháirc Náisiúnta i nGleann Bheithe- lena
chaisleán agus an t-ionad mínithe. Ó thuaidh leat ansin trí bhearna
na Mucaise go dtí an Fál Carrach, baile láidir aonaigh, áit a mbíonn
seastáin ag reiceadóirí agus ceannaitheoirí ann gach Aoine.
14
Saoire taitneamhach a chaitheamh