background image
43
s l a t i a s c a i r e a c h t a g u s
s e a l g a i r e a c h t m h a r a
Níl mórán áiteanna fágtha san Eoraip atá chomh foirfe, folláin,
neamhthruaillithe is atá Dún na nGall chun slatiascaireachta agus tá
raidhse éisc sa bhfarraige ann go fóill. Tá a cháil ceart féin air mar áit
ina bhfuil deiseanna breátha chun slatiascaireachta. Tá locha ann atá
lán go bruach le Breac Donn agus tá córais tuile ann a chuireann
flúirse éisc ar fáil don slatiascaire, gan trácht ar an Eascú Ghainnimhe
agus an Bioránach a fhaightear nach bhfuil a sárú san Eoraip, rud a
chiallaíonn go bhfuil ceann de na stráicí cothaithe is flúirsí don
spéiseas ann atá le fáil in aon áit in Iarthar na hEorpa.
Clubanna:
Cumann Shlatiascaigh na Rosann
An Clochán Liath
Teagmháil: Frankie Byrne Teil: 075 42124
Cumann Iascaireachta Sliabh Liag,
Scoth iascaireacht na mbradán ann le linn Mí Iúil& Mí Lúnasa:
Abhainn an Ghleanna.
Teagmháil: Iascach Shliabh Liag Teil:074 9739131
De thoradh Sruth Té an Atlantaigh Thuaidh tagann flúirse spéiseas
chun ár gcóstaí, rud a chuireann raidhse éisc ar fáil don Slatiascaire ó
cheann ceann na bliana. Áit aoibhinn d'iascairí an timpeallacht seo -
foirfe, folláin, neamhthruaillithe is atá Dún na nGall...