background image
John McGinley Coaches: B.Á.C.-Dún na nGall- B.Á.C.
Feidhmíonn John McGinley Coaches le seirbhís faoi dhó sa lá ó lár
Chathair Átha Cliath chuig Gaeltacht Dhún na nGall. Feidhmíonn siad
freisin le seirbhís Glaschú-Dún na nGall-Glaschú go laethúil i mí Iúil
agus Lúnasa agus 4 huaire sa tseachtain ag amanna eile.
Teil: 074 9135201
Mc Geehan Coaches: B.Á.C.-Dún na nGall- B.Á.C.
Feidhmíonn Mc Geehan Coaches le seirbhís faoi dhó sa lá ó lár
Chathair Átha Cliath chuig Gaeltacht Dhún na nGall, ag freastal ar
shráidbhailte ar nós Gleann Cholm Cille, Árd a' Rátha agus An
Clochán Liath.
Teil: 074 9546150
Béal Feirste-Dún na nGall-Béal Feirste
Pádraig Ó Gallachóir atá ag reáchtáil seirbhís laethúil chuig Béal
Feirste tríd Doire Cholmcille. Is féidir ceangal a dhéanamh le báid
farantóireachta, Seacat, agus a haerfoirt.
Teil: 074 9531107
Gaillimh-Dún na nGall-Gaillimh
Seirbhís faoi dhó sa lá ag Busanna Feda ó Ghaeltacht Dhún na nGall
go Gaillimh. Ar na seirbhísí eile tá Dún na nGall-Glaschú-Dún na nGall
agus Dún na nGall-Aerfort Bhéal Feirste-Dún na nGall.
Teil: 074 9548114
48
Saoire i nGaeltacht na hÉireann, an Ghaeilge