an dara ceantar Gaeltachta is fairsinge in Éirinn. Tá radharcra aoibhinn anseo - sliabh agus mám, loch agus gleann, muir agus tuath. Tá uisce glé glan na Farraige Móire ag tuile agus ag trá ar a cósta creagach agus ar a cuanta agus a hinbhir dúiche faoi shíth agus faoi shonas le saibhreas oidhreachta agus béaloidis na Gaeilge. Dúiche í ina bhfuil saibhreas cultúir as cuimse agus tuiscint láidir ar a bhféiniúlacht ar leith ag an bpobal a mhaireann inti. Gaeltacht Dhún na nGall Tá éagsúlacht san áit sainiúil seo. Aimsigh duit féin an bheatha atá fós anseo sa mheascra de chultúr na gCeilteach agus na nGael... shaothraíonn anseo i gcroílár chultúir dhúchais Dhún na nGall. Stórchiste den chuid is fearr dár n-oidhreacht Ghaelach ceol, amhráin agus rince atá anseo. Ach tá an dúiche féin ina seoid fine ag clanna Gael - tránna glana fothainiúla, oileáin ársa mhara Reachlainn Uí Bhirn, Thoraigh agus Ghabhla; sléibhte mar An Earagail agus páirceanna foraoise, agus locha agus aibhneacha breaclána. |