nasctar galf den scoth le cuid den radharcra is breátha agus is foirfe dá bhfuil le fáil san Eoraip. Cuirfidh an fháilte chroíúil a chuirfear romhat sna galfchúrsaí uile iontas ort. Toisc go bhfuil na machairí gailf suite ar feadh chósta an Atlantaigh is féidir sár-bhabhtaí gailf a bheith agat anseo i measc radharcra nach bhfuil a leithéid le fáil in aon áit eile ar domhan. Scoth chúrsa craoibhe 18 bpoill a dhear Tom Morris ó St Andrew's in 1893 agus a dearadh athuair i 1906 ag James Braid agus Harry Vardon. Tá radharc breá anseo ar Chuan na gCaorach agus ar Chuan na Maoile Rua. Par 70. Teagmháil: Galfchumann Ros na Binne Teil: 074 9155301 Bain taitneamh as an radharcra breá agus as an trá aoibhinn ar an gcúrsa 9 bpoll seo. Cúrsa gairid ach amháin nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh - agus ní rud neamhghnách é sin! Machaire Par 68. Teagmháil: Cruit Island Golf Club ag: Teil: 074 9543296 |