background image
1
Sé do Bheatha...
An Ghaeltacht... Cad é féin?
An Ghaeltacht a thugtar ar an chuid sin d'Éirinn ina bhfuil
an Ghaeilge fós ina teanga pobail agus tá an cultúr agus na
traidisiúin a bhaineann leí beo, bisiúil go fóill.
Tá na pobail labhartha Gaeilge seo scaipthe ar fud seacht
gcontae agus na ceithre cúigí. Ar chósta an iarthair is mó
atá na Gaeltachtaí suite sna contaetha Dún na nGall,
Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí agus fosta i gCorcaigh,
An Mhí agus Portláirge. Tá go leor ionad saoire éagsúla
agus suimiúla sna ceantracha seo.
I ngach réigiún acu tá saibhreas oidhreachta agus
béaloidis, cultúir agus traidisiúin agus blas ar leith dá
bhféiniúlacht ag pobal an cheantair.
Anseo a gheobhaidh tú `Éire ár sinsear'!
Gaeltacht Dhún na nGall...
I nDún na nGall(nó Tír Chonaill ársa na staire) atá an
Ghaeltacht is faide ó thuaidh sa tír, an dara Gaeltacht is mó
atá ann agus clúdaíonn sí breis is an tríú cuid den chontae.
Éire i mbláth a mhaitheasa...