Pé acu an tumadóir le taithí na mblianta tú nó díreach gur mhaith leat tumadóireacht scúba a thriail, baineann fiúntas le Tumadh Thoraigh duitse. Tá lear maith láithreán tumadóireachta cósta acu nach bhfuil ach cúpla nóiméad ón Lárionad. Orthu seo tá cuasanna fothaineacha éadomhaine, tumadh falla agus longa briste do lucht na taithí. Is minic rónta agus deilfeanna le feiceáil ar na láithreáin seo. Teagmháil: Tumadh Thoraigh Teil: 074 9135920/9135282 Facs: 074 9135613 r-phost: [email protected] |