background image
47
Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall
Ní thógann sé ach 50 nóiméad le heitilt ó Bhaile Átha Cliath go Dún
na nGall. B'iad Aer Árann Express an chéad aerlíne san Eoraip a fuair
an gradam caighdeáin ISO 90002 do sheirbhísí custaiméara, dá bhrí
sin bí cinnte de go dtaitneoidh d'eitilt leat. Tá seirbhís laethúil,
seacht lá na seachtaine ar fáil acu. Tá nascanna eitilte ar fáil freisin ó
mhórláithreacha sa Bhreatain agus san Eoraip. Buntáiste eile a
bhaineann le heitilt go Dún na nGall ná gur féidir leat taitneamh a
bhaint as an radharc breá a gheobhaidh tú ar shléibhte uaibhreacha,
gleannta séimhe, locha áille agus na tránna is breátha dá bhfuil san
Eoraip ar an mbealach san aer go hAerfort Dhún na nGall.
Is féidir ticéidí a chur in áirithe le haon ghníomhaire taistil nó má
ghlaonn tú ar Aerfort Dhún na nGall go díreach ag:
Teil: 074 9548284 Faics: 074 9548483
Idirlíon www.donegalairport.ie
Má tá tú ag taisteal chuig Gaeltacht Dhún na nGall tóg an N2 ó Bhaile
Átha Cliath, an M2 ó Bhéal Feirste, an N17 ó Ghaillimh agus an N15 ó
Shligeach. Tá rogha leathan freisin ann de sheirbhísí busanna agus
cóistí só príobháideacha agus poiblí chuig Gaeltacht Dhún na nGall.
g a e l t a c h t d h ú n n a
n
g a l l ...
c o n a s t e a c h t a i r
marcaíocht, iascach, snámh agus lóistín...