Bunaíodh Oideas Gael le múineadh agus úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus lasmuigh den nGaeltacht. Ceapadh cúrsaí Oideas Gael chun freastal ar riachtanais daoine fásta, ar gach leibhéal foghlama, daoine ar ardchumas ach ar easpa taithí san áireamh. Maireann gach aon chúrsa ar feadh seachtaine de ghnáth agus bíonn trí leibhéal ann bun, meán agus ard. Cuirtear na himeachtaí cultúrtha ar siúl go dátheangach, rud a réitíonn an bóthar do dhaoine atá ar bheagán Gaeilge nó atá dall ar fad uirthi. Tugann gach aon chúrsa faill chun saoire thaitneamhach a chaitheamh i dtimpeallacht saibhir chultúrtha. Ar na cúrsaí a reachtáltar tá cúrsaí le siúlóid sléibhe, seandálaíocht, fíodóireacht, an bodhrán, an fheadóg, potadóireacht Cheilteach, rincí Dhún na nGall, péintéireacht mhara agus comhshaoil, agus cultúr. Teagmháil: Oideas Gael Teil: 074 9730248 Facs: 074 9730348 ephost: [email protected] Idirlíon: www.Oideas-Gael.com |