Cholm Cille, ón Clochán Liath go dtí na Dúnaibh tá Gaeltacht Dhún na nGall lán go barr de radharcanna breátha agus de chúilíní rúnda le haimsiú. Tá lóistín den scoth ar fáil ar gach aon leibhéal agus caighdeán. Tá sárluach ar airgead saoire anseo thar aon áit eile in Éirinn in óstáin phríobháideacha, tithe aíochta, sráideanna saoire, páirceanna campála agus carabhán, brúnna agus tithe saoire. Ach is áit chun gníomhaíochta í freisin. Déan do rogha féin as an raidhse, lár-ionaid chaitheamh aimsire, iascach ar na farraigí móra nó intíre, páirceanna eachtraíochta, marcaíocht, dreapadóireacht sléibhe, siúlóid, rothaíocht, turasóireacht, galf, agus ag deireadh an lae ceap do shuaimhneas i dtábhairne ceoil nó i dtolglann sítheach. Tá seo uilig anseo fá do choinne. Agus anois, tá Aerfort Dhún na nGall ar tinneall chun tú a thabhairt anseo go ceartlár na Gaeltachta ar eitiltí laethúil go agus as Baile Átha Cliath. |